Do mo mháthair ina seanaois
by Meg Bateman
Is tuar na heasnamhachta atá le teacht
a bheith i mo sheasamh ar chladach Chonamara
ag féachaint uaim ar an mBoireann
agus cuimhne ag a cnoic liatha ort
agus tú ar do ghogaide ar an bhféar grianmhar
faoi dhraíocht ag bláthanna líoga na ngríog.
Is cosúil le huibheacha na clocha ar an trá,
bogann an gaineamh leis an taoide...
Baineann carraig luascach gáire asam
mar a bheadh sí ag rá, Níl an t-am caite fós,
in ainneoin géire Aillte an Mhothair,
in ainneoin na n-oileán ar snámh siar.
Beireann na driseoga greim sméarach ar mo chosa
ina gcomhartha atá idir shearbh is mhilis
mar a thrasnaím na páirceanna thuas ón bhfarraige
ar chosán garbh trí raithneach dhonn.
Streachlaím le bealach a fháil trí na claíocha casta
go dtí an bóthar le carranna ag sciúrdadh thart.