Sciurd faoi Screapadal
do Meg Bateman
by Paddy Bushe
Bhí fiolar ar thóir creiche dar dtionlacan,
Ar foluain os cionn na bhfothrach ciúin,
An lá niamhrach earraigh sin gur shiúlamar
Fad le Screapadal, ar lorg dán Shomhairle
Agus scáileanna Tharmaid is Eachainn Mhòir
Ag breathnú anonn ar Chomraich Ma Ruibhe.
Ach níor ardaigh aon tuiréad sleamhain dubh
É féin go bagarthach trí chrothloinnir na farraige,
Is níor bhodhraigh sianaíl aon scaird-bhuamaire
Méiligh na n-uan agus portaireacht na n-éan
Fad a dheineamar dán Shomhairle a reic,
Gàidhlig agus Gaeilge, os ard i measc tithe bánaithe.
I bhfianaise an tseanchaisleáin a thit le faill,
Agus Carraig na hEaglaise Bréige scoite ón dtalamh;
In ainneoin na gceannlínte ós na ceithre harda,
Sotal rachmasóirí agus slad an mhargaidh;
I bhfianaise na gcaorach caidéiseach ar fhallaí
Agus féile na gréine ar fhiailí is ar fhásach;
In ainneoin bhréaginsint na scéalaithe
A scaipeann scéalta de réir toil na máistrí;
Ba bheag ná go gcreidfeá go raibh deireadh i ndán
Don tsaint, don chos-ar-bholg agus don gcreach.